Nua-Chorpas na hÉireann – treoir don úsáideoir
Fáilte chuig Nua-Chorpas na hÉireann, corpas a cruthaíodh mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge i bhForas na Gaeilge.
Is bailiúchán mór téacsanna Gaeilge é Nua-Chorpas na hÉireann a bhfuil timpeall is 30 milliún focal ann. Tá réimse leathan téacsanna ar fáil sa chorpas: saothair ficsin, téacsanna fíriciúla, tuairiscí nuachta, cáipéisí oifigiúla agus eile. Tá an corpas cóirithe sa chaoi gur féidir taighde teangeolaíoch a dhéanamh air – mar shampla, samplaí a aimsiú d’fhocail faoi leith agus iad á n-úsáid i gcomhthéacs nó minicíocht focal a fhiosrú.
Tugann an suíomh seo deis duit an corpas a chuardach i mbealaí éagsúla. Tá an suíomh bunaithe ar Sketch Engine, bogearra cuardaigh corpais de chuid Lexical Computing Limited. Tabharfaidh an cháipéis seo treoir bhunúsach duit maidir leis an suíomh a úsáid, agus tá treoir níos cuimsithí le fáil sna comhaid chabhrach a bhaineann le Sketch Engine féin: https://trac.sketchengine.co.uk/
An leathanach baile
Ar an leathanach baile, is féidir leat focal nó téarma ilfhoclach a chlóscríobh sa bhosca chun é a chuardach sa chorpas. Nuair a dhéanfaidh tú sin, gheobhaidh tú leathanach agus trí chineál sonraí ann:
Comhchordacht: Feicfidh tú liosta samplaí den fhocal nó den téarma agus é á úsáid in abairtí a roghnaíodh go huathoibríoch as an gcorpas. Beidh timpeall is deich sampla ar taispeáint ar an leathanach seo agus is féidir teacht ar a thuilleadh díobh ach cliceáil ar an nasc “tuilleadh”.
Comhlogaíochtaí: Sa bhosca ar dheis, feicfidh tú liosta de na deich bhfocal is minice a úsáidtear in éineacht leis an bhfocal a chuardaigh tú. Mar shampla, má chuardaíonn tú doras, gheobhaidh tú focail ar nós oscail, dúnta, plab agus eile. Arís, is féidir tuilleadh díobh a fháil ach cliceáil ar an nasc “tuilleadh”. Tá liosta na gcomhlogaíochtaí seo bunaithe ar eolas a baineadh as an gcorpas go huathoibríoch.
Staitisticí: Ag bun an leathanaigh, gheobhaidh tú eolas staitistiúil i dtaobh úsáid an fhocail de réir critéar áirithe, mar shampla de réir an tseánra nó réir canúna. Mar shampla, má chuardaíonn tú fata, feicfidh tú gur mó i bhfad a úsáid i gcanúint Chonnacht. Arís, tá na staitisticí seo bunaithe ar eolas a baineadh as an gcorpas go huathoibríoch. Is féidir teacht ar a thuilleadh staitisticí ach cliceáil ar an nasc “tuilleadh”.
Cuardaigh níos casta
Más maith leat cuardaigh níos casta a dhéanamh sa chorpas ná mar is féidir ar an leathanach baile, is féidir leas a bhaint as na roghanna sa roghchlár ar chlé. Seo achoimre ar na roghanna atá ar fáil ann.
Comhchordacht: Anseo, is féidir leat abairtí a aimsiú agus a liostú as an gcorpas bunaithe ar na focail a thagann chun cinn iontu. Tá an cuardach seo níos cumhachtaí ná an ceann atá ar fáil ar an leathanach baile; mar shampla, má roghnaíonn tú “leama” sa bhosca aníos, beidh tú ábalta cuardach a dhéanamh beag beann ar fhoirm an fhocail: clóscríobh fuinneog agus gheobhaidh tú abairtí ina bhfuil foirm infhillte nó chlaochlaithe ar bith den fhocal: fuinneoige, bhfuinneog agus mar sin de. Sa bhreis air sin, is féidir an liosta abairtí a shórtáil agus a scagadh de réir critéar éagsúil.
Liosta Focal: Anseo, is féidir liostaí éagsúla focal a bhaint as an gcorpas, mar shampla liosta na bhfocal is coitianta a thagann chun cinn sa Ghaeilge, agus mar sin de.
Achoimre Focal: Rannóg é seo a thugann deis duit féachaint ar na focail eile a úsáidtear go minic in éineacht leis an bhfocal atá uait. Cuirtear na torthaí i láthair i liostaí de réir an choibhnis ghramadaí atá idir an dá fhocal. Mar shampla, má chuardaíonn tú briathar, gheobhaidh tú liosta amháin de na cuspóirí is minice a bhíonn leis an mbriathar, liosta eile de na hainmnithe is minice a bhíonn leis, agus mar sin de. Cuimhnigh go mbaintear an t-eolas seo as an gcorpas go huathoibríoch agus, dá bhrí sin, ní gá go mbeidh sé go hiomlán cruinn i gcónaí.
Teasáras: An rud is féidir a dhéanamh anseo ná focal a chlóscríobh agus liosta a fháil de na focail eile atá cosúil leis ó thaobh a bpatrún úsáide. Mar shampla, má chuardaíonn tú an aidiacht folláin, gheobhaidh tú roinnt aidiachtaí eile ar nós sláintiúil agus sábháilte. Go bunúsach, is liosta é seo d’fhocail ar dócha gur comhchiallaigh iad de bharr go n-úsáidtear ar bhealach cosúil iad. Ach arís, cuimhnigh gur baineadh an t-eolas as an gcorpas go huathoibríoch agus, dá bhrí sin, ní gá go mbeidh na focail seo ina gcomhchiallaigh i gcónaí.
Difríocht: Is áis í seo chun an difríocht idir dhá fhocal a fhiosrú, bunaithe ar na focail a bhíonn in aice leo. Má scríobhann tú dhá fhocal atá gar dá chéile ó thaobh brí de, abair leanbh agus páiste, gheobhaidh tú eolas a chuideoidh leat an difríocht eatarthu a thuiscint: feicfidh tú gur focail ar nós saolaigh agus baist a úsáidtear de ghnáth le leanbh, agus gur focail ar nós múin agus foghlaim a úsáidtear de ghnáth le páiste.
